School: Scoil Fhursa, Clárán

Location:
Clerhaun, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Gairbhín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0023, Page 0153

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0023, Page 0153

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Fhursa, Clárán
  2. XML Page 0153
  3. XML “Tomhasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Comh fhada na méar.
    Cnap saille fá bhun coille a's gan aon easna ann.
    Seilmide.
    Tá sé i bhfus, tá sé thall tá sé ag brian ar a chuid tá sé thríd an sáile liath 's gan e níl blas ar uibh.
    Salann
    Rud bocht bocht 's dhá mhaide fá'n a ucht
    's é ag silt na n-deór go fras,
    An fár doras lá báistighe.
    Meig, meig, ar an taobh istigh d'en chlaidhe. Meig, meig, ar an taobh amuigh d'en chlaidhe, ní bhainfeadh an meig ar an taobh a istigh d'en chlaidhe leis an meig ar an taobh amuigh d'en chlaidhe.
    Neanntóg
    Súid thall ort é ní trom leat é. Ní ball de bhaill do chuirp é 's tá sé ort in a dhiaidh sin.
    D'ainim.
    Teachtaire beag o theach go teach a chodluigheas amuigh san oidhthe.
    Bóithrín.
    Cé'n mhí is lugha a ghníonn mná caint
    [1] mí Feabhra.
    Droichead ar loch gan mhaide gan cloch
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Language
    Irish
    Collector
    Úna Ní Bhaoghaill
    Gender
    Female
    Address
    Carrownacroagh, Co. Galway