School: An Clochar, Áth Cinn

Location:
Headford, Co. Galway
Teacher:
An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0023, Page 0034

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0023, Page 0034

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Áth Cinn
  2. XML Page 0034
  3. XML “Scéal - An Draíodóir Dearg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    D'imirigheadh an tríomhadh cluithche agus 'sé an draoidheadóir dearg a bhuaidh é. "Cé'n geasa a chuirfeas tú orm" ars' an mac ríogh.
    "Blian sa taca seo ar lá Bealtaine bíodh agat annseo damhsa - fios fáth an éin-sgéil, claidheamh an Fathaigh Dúbhda agus an chaoi ar baineadh an ceann agus an choiméad beatha dé'n ain-sgéalaidhe agus muna mbidh sin agat tiubhrfáidh tú díoluigheacht damhsa le do cheann."
    Le rádh na bhfocal dhó, bhog sé leis nó go ndeachaidh sé as amharc an mhic ríogh agus a bhainríoghna. Thug an mac ríogh an bhainrioghan abhaile chun a chaisleáin. Gléasadh bainfheis, fleadh agus féasta dóibh agus bhí siad ag ól agus ag aoibhneas ar feadh naoi n-oidhche agus naoi lá agus gan geasa an draoidheadóra a' cur aon imnidhe orra.
    Nuair a bhí bordáil leith-bhliadhna caithte, dubhairt mac ríogh Éireann le n-a mhnaoí - "tá sé in-am agam dul a' tóruigeacht geise an draoidheadóra." "Is truagh linn sgaradh le chéile" ar sise, "acht is dóigh nach bhfuil athrughadh le déanamh acht glacadh le toil Dé."
    Annsin tharraing sí srian as a póca agus chraith sí í agus ar an bpoinnte tháinig capaillín breágh dubh agus chuir sé a cheann isteach innti
    "Tiubhraidh an capall se thú chuig áit a bhfuighidh tú tuairisg" ar sise, agus nuair a seasfaidh sé os comhair geata caisleáin, cuir isteach na trí naipcíní póca seo mar bronntanas chuig an rígh."
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    An tSiúr M. Pól Ní Cheanndhubháin
    Gender
    Female
    Address
    Headford, Co. Galway
    Informant
    An tSiúr M. Íde Ní Mháille
    Gender
    Female
    Age
    74
    Occupation
    Bean rialta
    Address
    Headford, Co. Galway