School: Cathair Loisgreáin (B)

Location:
Caherlustraun, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic de Chlár
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0293

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0293

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cathair Loisgreáin (B)
  2. XML Page 0293
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Nuair atá comhartha báistí ann . . .

    Nuair atá comhartha báistighe ann bíonn an spéar dubh dorcha agus na scamaill dubha ag gluaiseacht san spéir. Deireann na daoine má bhíonn an spéar thoir dearg le eirighe na gréine go mbeidh stoirm ann agus aimsear fhuar fhliuch. Má bhíonn an spéar thiar dearg agus an ghrian ag dul faoi sin comhartha maith deirtear.
    Tá sé ráidhte freisin má bhíonn an spéar go h-íseal agus a bhun síos ar sléibhte sin droch chomhartha.
    Deirtear má bhíonn an ghrían go h-íseal san spéir agus a h-aghaidh clúdaigthe le scamaill sin droch comhartha atá ag teacht; ach má bhíonn sé go h-ard tá aimsear breagh ag teacht.
    Nuair atá fáinne thar timcheall na gealaighe deirtear go bhfuil droch aimsear ag teacht.
    Mun a bhfuil na réalta le feiceál san spéir agus cuid aca ag tuitim go bun na spéire ní comhartha maith é sin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Cathasaigh
    Gender
    Male
    Address
    Beagh Beg, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Cathasaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Beagh Beg, Co. Galway