School: Cathair Loisgreáin (B)
- Location:
- Caherlustraun, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic de Chlár
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 206
An Bhaintreach agus An Triúr Mac
Bhí baintreach ann fadó agus bhí triúr mac aici. Ní raibh fhios aici ce aca de'n triúr mac an dtabharfadh sí an talamh do. Dubhairt sí leo a dhul amach go ceann trí bliana agus ce ar bith ce aca is fearr a mbeadh a chéard aige go dtabharfadh sí an talamh dhó.
Bhí go maith. D'imthigh an triúr mac go ceann trí bliana agus nuair a bhí na trí bliana thuas aca tháinigeadar ar ais go dtí an mháthair. D'fhiafruigh sí de'n chéad mhac cé'n céard a bhí aige agus dubhairt sé gur gaduidhe a bhí ann.
Dubhairt sí leis go raibh éan agus nead aice amuic san gcrann agus go raibh uibheacha fá'n éan agus má bhí ná ghaduidhe maith ubh a thabhairt o'n éan gan é a aireachtáil.
Bhí go maith. chuaidh an mac amach agus thuig sé isteach an ubh ghan an t-éan dá aireachtaíl.
Tháinig an dara mac agus(continues on next page)- Collector
- Padhraic de Clár
- Gender
- Male