School: Cill Chuana (roll number 12782)

Location:
Kilcoona, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0164

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0164

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chuana
  2. XML Page 0164
  3. XML “Daithí agus na Sióga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    chapall féin ag chuile fhear-sidhe ní raibh aon capall le h-aghaidh Daithí. Fuair siad sean béim céachta agus rinne siad capall maith as le haghaidh Dáithí. Ní raibh cead aige labhairt go mbeadh an cailín goidhte nó bheadh an draoidheacht briste. As go brách leobhtha go dtáinig siad go loch corrib agus léim chuile fear in dhiaidh a chéile é agus Dáithí ina dhiaidh nuair a tháinig siad ar an taobh eile dubhairt Dáithí “goirim do leím a sean mhaide a beím”. Bhí an draoidheacht briste agus níor fhéad siad an cailín an oidhche sin. Bhí orra Dáithí a tabhairt abhaile arís. Oidhche eile bhí siad ag dul ag goid cailín óg pósta. Oidhche na bainfheise chuaidh siad go dtí an teach agus Dáithí leo. Shuidh siad ar an maide treasna agus thosuigh siad ag cuir sop cuighe suas i srón na mná pósta agus thosuigh sí ag sraofartaighíl ach ní dhubhairt aon duine “Dia linn” an triomhadh uair a thosuigh sí ag sraofartaighíl dubhairt Dáithí, “Dia agus muire linn”. Chaith na sidheóga anuas i measg na ndaoine é agus dimhigh siad leo. Bhí oidhche maith ag Dáithí ag an mbainfhis agus fuair sé sháró le n-ithe agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádhraig A Burca
    Gender
    Male
    Age
    43
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Manuslynn, Co. Galway