School: Cill Chuana (roll number 12782)

Location:
Kilcoona, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Conáin

Filter stories

Back
/ 0170 Forward
Resolution: Low | High
An Gabha

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0156

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

An Gabha.
Tá aon cheárdcha 'sa bpairáiste seo. Tadhg Ó Tnuthail an t-ainm atá air an fear atá ag obair ann. Bhí a mhuinntir roimhe in-a gaibhne. Tuighe atá ar an gceárdchain agus tá aon teallach ann. Seo iad na h-uirlisí atá ag an ngabhainn [?] pinsiúr, casúr, ord, táirgní, iarann, uisge, agus go leór rudaí eile. Cuireann sé cruidhthe ar na capaill, déanann sé céachtaí, cliathanna, geataí tlúghannaí agus cuireann sé buinn ar rotha na cartacha. Bhíonn sé ag obair nuair nach rachadh capall drochmhúinte isteach 'san gceárdchain.
Seo píosa amhráin gabann.
Láimhín beag íarrann an t-sáspan,
"D'eirigh mé féin maidin go moch,
Chúaidh mé go ceárdcha Aontoine Dhuibh,
Adhbhar mo láidhe atá agam annseo,
Agus ar iarraidh déanta atá mé."
Labhair an gabha liom go céillidhe ciúin.

(continues on next page)
Informant
Pádraig Ó Comhdhain
Gender
male
Age
60
Occupation
feirmeoir
Address
Luimnagh West, Co. Galway
Language
Irish