School: Cill Chuana (roll number 12782)

Location:
Kilcoona, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0155

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0155

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chuana
  2. XML Page 0155
  3. XML “An Gabha Glic”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Gabha Glic.
    Bhí gabha suas in-aice Corrandulla agus gach Dómhnach theastóchadh girrfiadh uaidh ar a dhinnéar. Nuair a bheadh an girrfiadh síos ag bruith aige gach Dómhnach thiocfadh beirt no triúr fir óga isteach ag cuairt agus ní fhéadfadh do fhear an tighe dul amach acht bheadh an girrfiadh ithte ag na fir. Bhí madadh ag an gabha dár b'ainm "Glaisín". Ar chaoí ar bith fuair an madadh bás agus bhain sé an craicean de agus chuir sé síos ag bruith é Dia Dómhaigh mar bhí fios aige go maith go n-iosfadh na fir é. Nuair a tháinig na fir isteach ag cuairt dubhairt fear an tighe go raibh tart air agus go rachfadh sé síos go teach phobail agus geobhfadh sé deoch agus dubhairt sé leobhtha gan an girrfiadh a ithe. Nuair a tháinig sé suas bhí an madadh ithte aca. Annsin d'innis sé dhóibh go raibh "Glaisín" ithte aca. Chaith gach duine aca an méid a bhí ithte aige amach arís.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    2. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Chuinneagáin
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Bunatober, Co. Galway