School: Cill Chuana (roll number 12782)
- Location:
- Kilcoona, Co. Galway
- Teacher: Liam Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chuana
- XML Page 0152
- XML “An Chailleach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)teacht leis an gcaora agus dubhairt sé, "Bhfuil sí reamhar." Ní túisge a chuala an fear é sin ná leig sé síos an mála agus as go bráth leis. Léim an chailleach suas as an mála agus thosuigh sí ag rith agus bhí sí 'sa mbaile roimh an fear. As sin tháinig an sean-fhocal, "Nuair is cruaidh do'n cailleach caithfidh sí rith."Bhí fear agus a bhean go [!] ina gcómhnaidhe san áit seo. Bhí an thar aca dul ag an margadh. Lá amháin bhí siad ag dul ann agus chonnaic siad crainín an-dheas. Dubhairt sé leis an bhean da mbeadh an crainín ann nuair a bheadh siad ag teacht abhaile go mbainfeadh siad é dá mbeadh siad in-ann. Bhí sé ann ag teacht abhaile dóibh agus bhaineadar é agus thugadar leo abhaile é. Chuir siad 'san ngarrdha é agus thosuigh "wallnuts" ag fás air. Bhí siad an coimhéadach leis na Walnuts agus thosuigh an fear ga choinneál. Nuair. Nuair [!] a bhí sé ag fághail bháis d'fhág sé le n-a udhacht pilúr de na Walnuts a chur faoí n-a chloigeann 'sa gcónra. Bhí triúir buachaillí dathamhla 'sa tóramh agus(continues on next page)
- Informant
- Seán Ó Chuinneagáin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Bunatober, Co. Galway