School: Cill Chuana (roll number 12782)
- Location:
- Kilcoona, Co. Galway
- Teacher: Liam Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chuana
- XML Page 0143
- XML “Na Fianna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dubhairt sé leis nach raibh siad in-ann an gléas arm a fhághail. "Déanfaidh mise gléas díobh" adeir an fearín, "tá mo cheárdhcha i bhfad uaim agus caithfidh sibh chonnéal suas liom go shroichfaidh mé an cheardcha. "Maise tá an diabhal ort", adeir Fionn nó coinneóchadh Caoilte suas leat". Bhíodh cos amháin ceangailte suas ag Caoilte mar dá mbeadh úsáid an dá chos aige choinneóchadh sé suas leis an ngaoith. D'fhosgail sé an téid a bhí ag cheanngailt a choise eile agus thosuigh an rith idir an fearín beag agus Caoilte. Nuair a bheadh an fearín ar bhárr chnuic bheadh Caoilte ag an mbun agus nuair a bheadh Caoilte ar bhárr chnuic bheadh an fearín beag ins an gleann. 'Sa deireadh d'imthigh an fearín as a amharc. Connaic Caoilte sgeach bheag agus chuaidh sé go dtí í. Chuala sé torann beag faoí an sgeich agus chonnaic sé fear ag séideadh na builg. Céard a bheadh ann acht an fearín beag. Rinne sé gléas airm do na Fianna agus thug siad abhaile iad.
- Informant
- Seán Ó Chuinneagáin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Bunatober, Co. Galway