School: Cill Chuana (roll number 12782)

Location:
Kilcoona, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Conáin

Filter stories

Back
/ 0170 Forward
Resolution: Low | High
Cill Chuana | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0142

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

agus nuair a bhí sin déanta aige chaith sé an lorg eile uaidh agus chuir sé ina seasamh 'sa bhfairrge é. Léim sé air annsi[n] agus annsin léim sé isteach ar an taobh. Bhí trí lá thart sul a raibh caiple an airm thart ar an gCuan agus bhí Fionn imthighthe uatha.

Na Fianna.
Deirtear go na Fianna amuigh i bhfásach 'san Aifreac fadó. Ag marbhughadh ainmhidhthe a bhí siad. Mharbhuigh sí an méid ainmhidhe nach raibh siad in-ann na sleaghanna a tabhairt leó. D'fhág siad annsin iad agus d'imthigh siad abhaile. Seachtmhain ina-dhiaidh sin chuaidh Goll Mac Mórna, Caoilte agus Fionn go dtí an fásach leis an gléas airm a tabhairt abhaile leo acht fhad is bhí siad siad [!] 'sa mbhaile tháinig gaoth mór agus chuir sé cnoc gainmhe [?] ós cionn na sleaghanna. Bhí na Fianna ag siubhal leo nuair a casadh fearín a bhí ar leath-chois leo. D'innis Fionn an sgéal dhó agus

(continues on next page)
Informant
Seán Ó Chuinneagáin
Gender
male
Age
60
Occupation
feirmeoir
Address
Bunatober, Co. Galway
Language
Irish