School: Cill Chuana (roll number 12782)
- Location:
- Kilcoona, Co. Galway
- Teacher: Liam Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chuana
- XML Page 0141
- XML “Fionn Mac Cumhaill”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sí dáréag mac a mba leis an Ríogh ag bualadh báire. Bhí craiceann caorach mar éadach ar an bpáiste. Cuir an cailleach an páiste isteach sa bpáirc agus bhuail sé an dáréag in-diaidh a chéile. Nuair a chonnaic an rí an páiste tháinig fearg mór air agus chuir sé fios ag an arm a theacht le é a chuir i bpríosún.
Bhí an chailleach ina shuidhe fá thom agus bhí sí ag féachaint air. Ghlaoidh sí air agus tháinig sé chuice. Chuir sí ar a druim é agus chonnaic sí caiple an airm ag teacht. "Ó, feach", adeir sí, "tá caiple an airm ag teacht le muid a mharbhughadh agus rud eile mise ag iomchur tusa in áit tusa bheith ag iomchur", H-anam an diabhal" adeir an páiste. "sgaol anuas mé." Sgaoil sí anuas é agus rug sé ar dá lorgáin na caillighe agus chaith sé siar thar a chloigeann í agus níor stop sé ag rith go dtáinig sé go Cuan na Gaillimhe. Nuair a tháinig sé annsin ní raibh aige acht an dá lorgáin na caillighe.
Chaith sé lorg amháin amach 'sa bhfairrge agus chuir sé ina seasamh 'sa bhfairrge é. Léim sé amach air annsin(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Chuinneagáin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Bunatober, Co. Galway