School: Cill Chuana (roll number 12782)
- Location:
- Kilcoona, Co. Galway
- Teacher: Liam Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chuana
- XML Page 0122
- XML “Aimsir na Géarleanúna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aca le faitchios roimh Seán a t-sagairt.
Bhí na daoine ag déanamh amach annsin go raibh sé ag déanamh fábhair do na sagairt mar bhí a dearbhshúir ina bhean tighe dóibh. Nuair a chuala Seán é sin d'imthigh sé agus níor stop sé go dtáinig sé go teach an t-shagairt go dtí a dhearbhshuir
Leig sé ar fhéin go raibh sé tinn agus thosuigh sé ag sgreadadh. Bhí fhios aige nach bhféadfadh sé dul ag na sagairt mar bhí amuigh ar an oileán. Thosuigh sé ag unfa i lár an tighe agus ag sgreadach agus ag rádh le na dhearbhsúir go raibh an bás air. Dubhairt sé leithe glaodhach ar na sagart go ndéanfadh sé aithrighe sul dá gcaillfidhe sé. Chuaidh an dearbhshúir amach ag bruach an locha agus ghlaoidh sí ar na sagairt. "Rachaidh mise isteach aige", adeir an sagart Séiplíneach "Ní rachaidh" ars an sagart paráiste. "mar tá mise sean agus is mo an sgéa[l] tusa má tá an bás indán dom",
Nuair a tháinig an sagart isteach bhí Seán sa leabaidh agus é ag sgreadach agus ag beicughadh le neart agus ag iarraidh ar an sagart maitheamnas a thabhairt dó. Bhí Seán chomh láidir le capall agus(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Chuinneagáin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Bunatober, Co. Galway