School: Cill Chuana (roll number 12782)

Location:
Kilcoona, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0104

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0104

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chuana
  2. XML Page 0104
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    dubhairt an fear leis imtheacht chomh tapaidh is bhí sé in-ndhan. D'imthigh an mada acht dubhairt sé nach mbeadh aon ádh ag an bhfear. Nuair a bhí a sháith ithte ag an bhfear d'imthigh sé leis go teach feilméara. D'fhiafruigh an feilméar air an bhfanfadh sé tamaill ag obair leis agus dubhairt sé go bhfanfadh. Lá amháin bhíodar amuigh ag obair. Bhuail an feilmear a shlat in-aghaidh cloiche agus d'ionntuigh sé go dtí cloch. Dubhairt an mac eile go raibh sé in-am dhó imtheacht agus dubhairt a mháthair go ndéanfadh sí dhá cháca dhó ceann mór agus ceann beag.
    Lá ar na bhárach bhí na cácaí déanta agus d'fhiafruigh sí dhe cé aca a bfheárr leis an cáca mor agus a mhallacht agus an cáca beag agus a beannacht. Dubhairt sé go tdóigfeadh sé an cáca beag agus a beannacht. Nuair a bhí sé ag imtheacht sheas a mháthair ar bhalla agus bhí sí ghá bheannachtú ag imtheacht Ag am dinnéara shuidh sé síos agus d'ith sé a sháith de'n chíste. Tháinig sé go dtí an sruthá[n] céadna agus tháinig madadh beag suas as agus d'fhiafruigh sé ar an bhfear píosa de'n císte a tabhairt dhó. Thug sé dhó e
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0566: The Three Magic Objects and the Wonderful Fruits (Fortunatus)
    Language
    Irish
    Informant
    Liam Mac Aodha
    Gender
    Male
    Age
    40
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Ballycasey, Co. Galway