School: Cill Chuana (roll number 12782)

Location:
Kilcoona, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0103

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0103

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chuana
  2. XML Page 0103
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal.
    Uair amháin bhí beirt dearbhrathair agus a máthair in-a gcómhaidhe [!] 'sa dtuaith Lá amháin dubhairt an mac ba shine go raibh sé in am dhó imtheacht le na fhortúin a shaothrughadh. Dubhairt a mháthair go mbeadh dhá cháca déanta aice dhó. Nuair a tháinig lá ar na bhárach bhí na cácaí déanta. D'fhiafruigh a mháthair dhe ce aca a bfheárr leis an cáca mór agus a mallacht nó an cáca beag agus a beannacht.
    Dubhairt an mac go mbfheárr leis an cáca mór agus a mallacht. Thóg sé an cáca mór agus a mallacht agus nuair a bhí sé ag imtheacht sheas sí suas ar sean-bhalla agus bhí gá mallchtú. [!]
    Dimthigh an fear leis go dtáinig sé go dtí abha bheag, shuidh sé síos le píosa de'n cháca a ithe. Nuair a bhí sé ag ithe tháinig mada beag suas as an uisge agus d'fhiafruigh sé píosa-aráin de'n fhear acht
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0566: The Three Magic Objects and the Wonderful Fruits (Fortunatus)
    Language
    Irish
    Informant
    Liam Mac Aodha
    Gender
    Male
    Age
    40
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Ballycasey, Co. Galway