School: Cill Chuana (roll number 12782)

Location:
Kilcoona, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Conáin

Filter stories

Back
/ 0170 Forward
Resolution: Low | High
Tairgín Dómhnall Cam

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0095

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tairgín Dómhnall Cam.
Bhí buachaill bó ag na Sgiréid i mBaile-an-Dubh fadó. Bhí sé ag féachaint in-dhiaidh an stuic. Dómhnall Cam an t-ainm a bhí air. Tá lorg a thighe ann fós. Thuit tarbh ó'n spéar agus dhair sé budóg a bhí ag na Sgiréid. Bhí leabhra ag Seán Sgiréid agus léigh sé ionnta go dtuitfheadh é seo amach. Bhí ins an leabhair freisin an chéad duine a d'ólfadh bainne na bó seo héis beirthe go mbeadh fios aige. Dubhairt Sgiréid le Dómhnall aire maith a tabhairt gan a laogh a leigint le bainne na bó a ól. Oidhche amháin rug an bhó agus thóg Dómhnall an laogh uaithe. D'ól sé fhéin an baine agus bhí an fios aige. Maidin lá ar na bhárach dubhairt sé leisan Sgiréid gur rug an bhó. "Ar thug tú an laogh uaithe ar seisean. "Thug", adeir Dómhnall. Chuaidh Sgiréid amach agus d'ól sé an baine acht má d'ól fhéin ní raibh aon fhios aige. Ag Dómhnall a bhí sé. Héis sin nuair a teastuigh fios ó'n Sgiréid ceistnigh sé Dómhnall

(continues on next page)
Informant
Seán Ó Cuinneagáin
Gender
male
Age
60
Occupation
feirmeoir
Address
Bunatober, Co. Galway
Language
Irish