School: Cill Chuana (roll number 12782)

Location:
Kilcoona, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0093

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0093

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chuana
  2. XML Page 0093
  3. XML “Na Breitheamhain”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Na Breitheamhain.
    Bhí triúr dearbhráthair dár b'ainm Breitheamhain 'na gcomhnaidhe i gCill-Mhaolain i gCathairliostrain. Bhí siad féin agus a n-athair agus a máthair 'sa teach. Ní raibh i gConnacht chomh láidir leó. Ní raibh aon oighre dúithche in-ndhan cíos a bhainnt uatha. Ní leigeadh an faitchíos an tserríomh a gcuid stuic a thógáil. Ba é Iarla Turluachán an t-Oighre a bhí orra. Tháinig an t-iarla é féin agus a chuid fear go druim oidhche agus bhailigh sé leis a chuid bháilí agus a chuid tionótaí go dtógfadh siad an stoc ar na Breitheamhain. Ba leis Tuaim, Tul-na-Dálach agus Turluacháin. Bhailigh sé leis uilig iad. Nuair a d'eirigh athair na Breitheamhain lá ar n-a bhárach, chuaidh sé amach ag breathnughadh ar na stuic.
    Tháinig sé isteach agus ghlaoidh sé ar a chlann mhac. "Eirigidh ó chodhladh", adeir sé. "Níl beithidheach ceithre gcos ar an talamh de bhárr na h-oidhche." D'eirigh an triúr mach agus níor fhan siad le leath a gcuid éadaigh a chuir ortha. Lean siad na fás caigh in-dhiaidh an stuic agus a dtrí maidí aca. Ag dul
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Cuinneagáin
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Bunatober, Co. Galway