School: Cill Chuana (roll number 12782)
- Location:
- Kilcoona, Co. Galway
- Teacher: Liam Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chuana
- XML Page 0090
- XML “Sionnach Glic”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sionnach Glic.
Bhí garradóir i dteach Caisleán Áicéid agus dubhairt sé go raibh sé amuigh maidin amháin agus chonnaic sé sionnach agus é ina luighe shuas ar sgeach agus é marbh mar dheadh. Bhí na snaig-breac ag piocadh a shúile agus ag eitill thart timcheall air agus gan faitchios ar bith orra. Héis tamaill léim an sionnach de phreab agus rug sé ar ceann de na snaig-breac. Dubhairt an garradóir nach bhfaca sé rud déanta chomh glic sin ariamh.
Bhí fear dar b'ainm Séamus Ó Laighléas ina chómhnaidhe i gCill-Gill fadó. Oidhche amháin dhúisigh sé agus chuala sé na cearca ag glaodhach agus ag sgreadach. D'eirigh sé agus chuaidh sé amach agus fuair sé an phice. Chuaidh sé isteach i mbothán na gcearc. Chonnaic sé sionnach caithte. Chonnaic sé sionnach caithte [!] ar an urlár agus marbh "Tá tú marbh, a buachaill", ar seisean agus(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Cuinneagáin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Bunatober, Co. Galway