School: Cill Chuana (roll number 12782)

Location:
Kilcoona, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Conáin

Filter stories

Back
/ 0170 Forward
Resolution: Low | High
Sionnach Glic

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0090

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Sionnach Glic.
Bhí garradóir i dteach Caisleán Áicéid agus dubhairt sé go raibh sé amuigh maidin amháin agus chonnaic sé sionnach agus é ina luighe shuas ar sgeach agus é marbh mar dheadh. Bhí na snaig-breac ag piocadh a shúile agus ag eitill thart timcheall air agus gan faitchios ar bith orra. Héis tamaill léim an sionnach de phreab agus rug sé ar ceann de na snaig-breac. Dubhairt an garradóir nach bhfaca sé rud déanta chomh glic sin ariamh.
Bhí fear dar b'ainm Séamus Ó Laighléas ina chómhnaidhe i gCill-Gill fadó. Oidhche amháin dhúisigh sé agus chuala sé na cearca ag glaodhach agus ag sgreadach. D'eirigh sé agus chuaidh sé amach agus fuair sé an phice. Chuaidh sé isteach i mbothán na gcearc. Chonnaic sé sionnach caithte. Chonnaic sé sionnach caithte [!] ar an urlár agus marbh "Tá tú marbh, a buachaill", ar seisean agus

(continues on next page)
Informant
Seán Ó Cuinneagáin
Gender
male
Age
60
Occupation
feirmeoir
Address
Bunatober, Co. Galway
Language
Irish