School: Cill Chuana (roll number 12782)

Location:
Kilcoona, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0088

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0088

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chuana
  2. XML Page 0088
  3. XML “Tomás na gCloch”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tomás na gCloch.
    Bhí fear dár b'ainm Tomás Ó h-Oissín ann uair amháin. Tomás na gCloch a tugtaoí air. Bhí sé ina chómhnaidhe i mBéal-Átha-Gaduidhe ar an taobh eile de pholl na bfear agus tá lorg a thighe ann fós. Saor-Cloiche a bhí ann. Fear an-láidir a bhí ann. Bhí dearbhsúir aige agus bhí sí níos láidre na é fhéin. Máire Mór na gCloch a tugtaoí uirre.
    Bhí Tomás ag dul go Gaillimh lá ag marcaigheacht ar capall. Thart an sean-bhóthair Baile Chláir a bhí sé ag dul agus Máire Mór taobh thiar dhó ar cúilín. Ag dul anuas droichid Baile-Chláir sin é an t-am a bhí sé ghá dhéanamh Bhí ceathrar fear ag cur cloch mór. Chlis sé orra a chloch a chur suas. "Gabh anuas, a Mháire", ars Tomás, "Agus leag suas an cloch dhóibh." Thuirling Máire de'n capall Clóca bréidín a bhí uirre agus chaith sí a sgiorrta siar faoí n-a h-asgaill. Chrom sí go dtí an cloch agus leag sí suas í.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Chuinneagáin
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Bunatober, Co. Galway