School: Cill Chuana (roll number 12782)

Location:
Kilcoona, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Conáin

Filter stories

Back
/ 0170 Forward
Resolution: Low | High
An Fear agus na Sióga

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0046

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

An Fear agus na Sídheóga

Bhí fear ann uair amháin agus bhí sé i gcómhnaidhe leis na sidheóga. Bhí sé ina chómhnaidhe in-aice Cnoc-Mágha. Oidhche amháin bhí na sidheóga ag dul ag goid fíona. Níor fhéad leis na sidheóga dul isteach go h-aon teach gan duine beó agus thug síad an fear seo leo. Bhí caipín ag chuile dhuine agus ní raibh acu acht “Fly away cap”, a rádh agus an caipín a chuir orra agus d’imtheóchadh siad 'san aer. Tháinig siad go dtí an teach agus bhí siad ag dul dtí [!] an seomra a raibh an fíon ann acht chuala na daoine iad agus rith siad go dtí iad. Chuir gach sídheóg an chaipín air agus dubhair[t] siad “Fly away cap” agus dimthigh siad as radharc. Níor chuimhnigh an fear beó ar an chaipín agus níor fhéad sé imtheacht. Rugadh air agus cuireadh an dlighe air agus

(continues on next page)
Informant
Seán Ó Chuinneagáin
Gender
male
Age
60
Occupation
feirmeoir
Address
Bunatober, Co. Galway
Language
Irish