School: Cill Chuana (roll number 12782)

Location:
Kilcoona, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Conáin

Filter stories

Back
/ 0170 Forward
Resolution: Low | High
Cill Chuana | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0044

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

An Muilneór agus an Bás.
Bhí fear de chloine "Kilroyne" agus muilneór plúir a bhí ann. Bhí saidhbhreas mór aige. Bualadh tinn é agus tháinig an bás ag colbha na leabthan aige. "Maise shíl sé orm gan gleó gan torann. Sé an samhail a bhí ar a ghuailne na péire maide sniomhtha agus bhí béal a chléibh mar a bheadh tom fraoigh." An de mhuinntir Chnuic-Mhágha thú na de mhuinntir Chnuic-Sídhe thú na an sguradh as Éirinn gan thú," adeir "Kilroyne" Maise, ní de mhuinntir Chnuic Mhágha mé na de mhuinntir Chnuic-Sidhe mé ná níor scuradh as Éirinn gan mo bhuidheachas mé, acht is mise an bás a bhéarann an t-olc agus an maith liom, an t-og agus an críon Bhéarfaidh mé Bhéarfaidh mé [!] an leanbh ó'n gcíoch liom agus bhéarfaidh mé tusa anocht gan sgíth liom,"

(continues on next page)
Informant
Seán Ó Chuinneagáin
Gender
male
Age
60
Occupation
feirmeoir
Address
Bunatober, Co. Galway
Language
Irish