School: Cill Chuana (roll number 12782)

Location:
Kilcoona, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Conáin

Filter stories

Back
/ 0170 Forward
Resolution: Low | High
Finbharra agus Capall na dTrí gCos

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0029

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

1. Pádhraig Ó Gráinne. 2. bunantobair, Corrandulla, Gaillimh. 3. 5 o b'iadhain. 4. feilméar. 5 bunantobair.

finbharra agus capall na dtrí gcos. Deirtear go dtáinig finbharra go dtí duine tinn fadó agus leig sé air féin gur dochtúir a bhí ann. Nuair a tháinig sé go dtí an teach rinne na daoine a bhí 'sa teach' tae dhó bhruith siad ubh dhó agus d'fhag siad pacáuste salainn in-aice leis nuair a bhain sé an mullach se'n uibh fuair sé spúnóg agus chuir sé salann ann acht chomh luath is bhí sé ann aige do shéid sé dhe arís é lé'n - a anál.
D'fhéach an fear ar an duine tinn annsin is dubhairt sé go dtiocfadh biseach air i gceann cúpla lá Chuaidh sé amach san t-sráid arís agus ghladh sé ar dhuine a bhí sa teach is dubhairt sé leis é a chur ag marcuigheacht ar an gcapall. Nuair a d'fheach an duine ar gcapall ní raibh air acht trí cosa. Nuair a bhí sé thuas ar an gcapall d'imthigh

(continues on next page)
Informant
Pádraig Ó Gráine
Gender
male
Age
50
Occupation
feirmeoir
Address
Bunatober, Co. Galway
Language
Irish