School: Cill Chuana (roll number 12782)

Location:
Kilcoona, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Conáin

Filter stories

Back
/ 0170 Forward
Resolution: Low | High
An tEaspag Ó Ciaráin

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0015

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

An t-Easbog Ó Ciaráin.
Bhí coláiste i mBun-an-tobair fadó. Bhí ar an t-Easbog Ó Ciaráin aon fhear agus fiche le sagairt a dheanamh díobhtha aon Dómhnach amháin. Sul a thug sé an Sacramant Naomhtha chuaidh sé ag spaisdóireacht taobh thiar de'n abhainn. Chaith sé uair a chluig annsin ag léigheadh leabhair. Siubhal sé ar an uisge ag dul treasna na h-abhainn. Nuair a tháinig sé ar ais ag an gcoláiste bhí cean dé na scolairí imthighthe gan tuairisg air
Ba mhac a dhearbhráthar féin é agus bhí sé imthighthe le bheith pósta le mnaoí óig Protastúnach. Bhí sí ina cómhnaidhe ag "Cave" Anach Cuain. Bhí an-fhearg ar an Easbog acht níor fhéad sé an fear a fheiceál go cean leath-bliadhna. Lá amháin casadh leis é i lár an bhóthair i gcóiste leis. "Tá tú gabhtha anois agus is fada mé ar do thóir, céard a rinne tú ar chor ar bith, ars an t-Easbog." "Rinne mé rud a rinne tú

(continues on next page)
Collector
Sorcha Ní Chuinneagáin
Gender
female
Address
Bunatober, Co. Galway
Informant
Seán Ó Chuinneagáin
Relation
parent
Gender
male
Address
Bunatober, Co. Galway
Language
Irish