School: Cill Chuana (roll number 12782)

Location:
Kilcoona, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0013

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0013

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chuana
  2. XML Page 0013
  3. XML “Scéal - An Fíodóir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhfear é. Nuair bhí sin déanta dubhairt an táilliúr go mbfeárr leis ná cúig phunt é sin fheiceál déanta arís. Rinne an fear amhlaidh agus fuiar sé an cúig phunt. D'imthigh sé leis annsin nó go bhfaca sé rud aisteach eile.
    Chonnaic sé beirt fhear ag iarraidh bó a chur suas ar theach a raibh féar breágh ag fás ann. "Céard tá sibh a dhéanamh" ar seisean.
    "An ag iarraidh an bhó mharbhughadh tá sibh"
    "Ní headh," a deir siad, "acht ag iarraidh í a chur suas ar an teach sin thiar leis an bhféarair".
    "Stop sin," ars an fear "bhfuil speal agaibh?
    "Tá" a deir siad. "Tabhair dom í" ars an fear. Chuaidh sé suas ar an teach, bhain sé an féar agus thug sé anuas ag an mbuin é agus d'ith sí é. Annsin dubhairt na fir go mbfeárr leo ná deich bpunt é a fheiceál dá dhéanamh sin arís. Rinne sé amhlaidh agus fuair sé an deich bpunt.
    Léan sé ar an obair sin ag tóruigheacht daoine díchéille mar na daoine sa mbaile. Chuile dhuine a casadh leis bhí siad níos measa ná a chéile acht d'íocadh go maith é le ciall a mhúineadh dhóibh. Nuiar chuaidh sé abhaile bhí go leór leór airgid aige. Mar dubhairt an sean-fhocal, "Ní shéideann gaoth ar bith nach ndéanann maith ar dhuine eicínt."
    Ainm na scoile: Cill Chuana (Uimhir rolla 12782)
    Ainm an té a scríobh: Máirtín Ó Cómhdhain
    Ainm an té a d'inis: Pádhraig Ó Cómhdhain
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1210: The Cow is Taken to the Roof to Graze
    AT1286: Jumping into the Breeches
    AT1450: Clever Elsie
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Language
    Irish
    Collector
    Máirtín Ó Cómhdhain
    Gender
    Male
    Address
    Luimnagh West, Co. Galway
    Informant
    Pádhraig Ó Cómhdhain
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Luimnagh West, Co. Galway