School: Cill Chuana (roll number 12782)

Location:
Kilcoona, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0012

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0012

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chuana
  2. XML Page 0012
  3. XML “Scéal - An Fíodóir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Máirtín Ó Cómhdhain, Luimneach, Corandolla, Gaillimh.
    Ón-a athair
    Pádhraig Ó Cómhdhain.
    Sgéal An Fígheadóir
    Bhí fear ann fadó agus bhí sé in-a fígheadóir. Bhí a bhean agus a inghean in-a gcómhnuidhe 'san teach leis. Cailleadh fear an tighe agus thosuigh an inghean ag fígheadóireacht. Phós sí feilméar agus bhí páiste amháin acu agus bhí ríméad mór orra as an bpáiste.
    Bhí an fear ag obair amuigh 'sa ngort lá amháin agus bhí a bhean istigh ag fígheadóireacht . Héis tamaill chuala an fear go leor caoineadh istigh sa teach. Rith sé isteach go tapaidh agus d'fhiafruigh sé cé'n fáth an caoineadh. Dubhairt an bhean leis go ndeachaidh an crann-spól in-gar do'n pháiste bhí sa gcliabhán.
    D'fhiafruigh sé dhi ar bhuail an crann-spól an páiste agus dubhairt sí nár bhuail. Ghléas fear an tighe é féin agus dubhairt sé nach stopfadh sé bhfuigheadh sé duine eicínt chomh dithchéille le n-a mhnaoí. Bhí sé trí lá ag siubhal agus héis trí lá chuaidh sé isteach i dteach táilliúra. Bhí an táilliúr agus fear eile istigh roimhe. Bhí an tailliúr ag iarraidh an fear eile chur síos i mbríste nua le slaitde léim. "Stop sin," ars an fear tháinig isteach, "Tabhair dom an bríste agus cuirfidh mé air é níos fusa". Rug sé ar an mbríste agus tharraing sé suas ar an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1210: The Cow is Taken to the Roof to Graze
    AT1286: Jumping into the Breeches
    AT1450: Clever Elsie
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Language
    Irish
    Collector
    Máirtín Ó Cómhdhain
    Gender
    Male
    Address
    Luimnagh West, Co. Galway
    Informant
    Pádhraig Ó Cómhdhain
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Luimnagh West, Co. Galway