School: Cill Chuana (roll number 12782)

Location:
Kilcoona, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0009

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0009

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chuana
  2. XML Page 0009
  3. XML “Páidín agus an Rí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Páidín agus an Rí.
    Bhí fear ann fadó dár bhainm Páidín. An lá rugadh é chuir a mháthair crann óg. Nuair a bhí sé seacht mbliadna d'aois thug a mháthair go dtí an crann é 'Tarraing an crann', ar sise. Rug sé air agus bhain sé tarraingt as acht ní féadfadh sé é a tharraingt. Nuair a bhí sé ceithre bliadna déag d'aois thug a mháthair go dtí an crann arís é le n-a tharraingt ach feanneadh níor bhain sé as.
    Nuair bhí sé bliadhain is fiche, thug a mháthair go dtí an crann arís é agus tharraingt sé é 'Déanfaidh sé maide láimhe dhom' ar seisean. Gheárr sé na géaga de agus nuair bhí siad geárrtha bhí deich dtonna meadhcain na maide. 'Rachaidh mé ag obair chuig an rí anois' arsa Paidín. Chuaidh sé ag an rígh is fuair sé obair uaidh. 'Sé an obair bhéas le déanamh agat indiu', ar seisean stáca coirce a bualadh leis an súiste seo'. Leag Paidín an maide láimhe uaidh is thugsé isteach cúpla punann coirce agus thosaigh sé gá mbualadh 'Níl aon mhaith leis an suiste seo', ar seisean. Rug sé greim ar an maide láimhe, chuaidh sé amach san iothlainn, thosaigh sé ag bualadh na stácaí agus chuir sé an síol trí míle ar gach taobh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0650**: The Strong Youth
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Gráine
    Gender
    Male
    Address
    Bunatober, Co. Galway
    Informant
    Pádhraig Ó Gráine
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Bunatober, Co. Galway