School: Cill Chuana (roll number 12782)

Location:
Kilcoona, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0008

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0008

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chuana
  2. XML Page 0008
  3. XML “Ór i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ór i bhFolach
    Chuala mé na sean-daoine ag rádh go raibh pota óir i bhfolach i n-uaimh i lios in-aice Áth-Cinn. Dúbhradh gur eascú a bhí ag tabhairt aire don phota óir agus nach raibh aon chaoí leis an eascoin a mharbhú acht mar seo.
    Beirt fhear a dul ag a dó-dhéag a chlog san oidhche le dhá láidhe. An chéad fhear a láidhe chur sa talamh chomh doimhin is d'fhéadfadh sé i mbéal na h-uana. An dára fear an rud céadna a dhéanamh. Nuair bheadh sin déanta, an chéad fhear preab a chaitheamh amach agus dul taobh thíar arís agus preab eile a thógáil. Nuair bheadh sin déanta an dára fear a phreab eile a chaitheamh amach agus mar sin go mbeadh na trí preabanna caithte amach, annsin bheadh an eascú marbh.
    Bhí brionglóid ag fear faoi seo agus d'imthigh sé fhéin agus a chomráda ar thóir an phota, acht nuair chualadar an eascú ag corruighe istigh san uaimh, ritheadar abhaile le faitchíos. Tá an t-ór ann fós.
    Pádhraig Mac Aodha, Baile-Chathaisaigh, Áth-Cinn, Gaillimh.
    Liam Mac Aodha, a athair.
    Ainm na Scoile: Cill Chuana (Uimhir rolla 12782)
    Ainm an té a scríobh: Pádraig Mac Aodha
    Ainm an té a d'inis: Liam Mac Aodha
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Mac Aodha
    Gender
    Male
    Address
    Ballycasey, Co. Galway
    Informant
    Liam Mac Aodha
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Ballycasey, Co. Galway