School: Baile an Doire (roll number 16410)

Location:
Ballinderry, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Maolmhichíl

Filter stories

Back
/ 0281 Forward
Resolution: Low | High
Seanfhocail

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0270

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Seo cupla de sean-fuclaibh a bhfuair mé o Bríghid Ní Ghiolla, bainntreach a bhfuil teach osta aice i n-aice mo sgoile. Má iarrtar ceann uirri, níl sé le faghail agat. Acht ma tharluigheann rud aisteach nó neamh-choiteanta, tagann ceann amach as a beul. Bhí cluas ormsha ceann a chloisteal uaithe na h-ama seo.
Cur i gas. Bhi buachall og - comharsa - agus fuair se an bhean i-n-aice baile mór na Gaillimhe.
"Tuige nach bhfuair sé cailin og i -naice leis no ins an bpaoraiste fein" adubhairt mé fhein
Ar an bpuinnc thainig ceann amach as a béal
"Ar chuala tú ariamh" adeir si
(1) "iomarca éolais fhaganns clann na gcomarsann i bhfad o cheile"

Domhnach amhain chuaidh mé isteach mar bhi beart leabhar agam le faghail ann. Bhi cupla fear ag iarraidh teacht isteach le deoch fhaghail agus nuair chonnaic sí iad, dubhairt sí:
(2) " Is leithne coc na bó seasamh air"
D'fhiafruigh mé uirri minuigh e sin agus

(continues on next page)
Collector
Tomás Ó Maol Mhichil
Gender
male
Address
Ballinderry, Co. Galway
Informant
Brighid Ní Ghiolla
Gender
female
Address
Ballinderry, Co. Galway
Language
Irish