School: Baile an Doire (roll number 16410)

Location:
Ballinderry, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Maolmhichíl

Filter stories

Back
/ 0281 Forward
Resolution: Low | High
'Sé Dia a Thug agus Sé Dia a Bheireas' - It is God Who Gave and it is God the Gives

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0268

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

“Sé Dia a thug agus ‘sé Dia a bhearas
It is God who gave and it is God that takes
Bhí Íosa agus Peadar ag siubhal le chéile lá agus casadh fear déirce leo.Cruiteachán de fhear a bhí ann. D’iarr sé déirce ar Íosa agus do iultigh Íosa é – níor thug sé aon rud dó. D’imthigh siad, agus ní raibh siad i bhfad ar siubhal gur casadh fear déirce eile leo. Fear leigthe easgaidh, sgafánta a bhí ann, agus d’iarr sé déirce ar Íosa agus thug Íosa sgilling dó. D’imthigh sé go ríméadach agus d’imthigh Íosa agus Peadar ar a mbealach féin.
Ar ball tháinig tart ar Pheadar agus d’iarr sé luach dighe ar Íosa, agus dubhairt Íosa leis dul isteach ins an teach ósta a bhí i n-aice leo agus gheobhach sé deoch. Chuaidh Peadar isteach agus céa bhí istigh roimhe acht an fear leigthe easgaidh sgafánta a thug Íosa an sgilling agus nuair a chonnaic sé Peadar dubhairt sé
“Céard a ólfhas tú. ‘Sé Dia a thug agus sé Dia a bhearas”.
“Ólfidh mé pionnta” arsa Peadar.
Fuair sé an deoch agus tháinig sé amach.
“An bhfuair tú deoch” arsa Íosa
“Fuair” arsa Peadar
D’imthig siad ar a mbealach agus nuair a bhí

(continues on next page)
Collector
Tomás Ó Maol Mhichil
Gender
male
Address
Ballinderry, Co. Galway
Informant
(name not given)
Gender
male
Address
Ballynastuckaun, Co. Galway
Language
Irish