Sean-Fhochail 1. Is glas iad na cnuic i bhfad uainn. 2. Is fearr stuaim ná neart. 3. Ualach giolla na leisge. 4. Ní h-iad na fir mhóra a bhaineanns an fhoghmhar i gcomhnaidhe. 5. Ná mol is ná cáin thú fhéin. 6. Ní rún é ó tá fhios ag triúir é. 7. Is goire cabhair Dé náan doras. 8. Ní náire an bochtanas. 9. Ní hé lá na gaoithe lá na sgoilb. 10. Ní’l sógh gan an-shógh. 11. Beagán agus a rádh go maith. 12. Bíonn ceann caol ar an óige. 13. Is milis an fhíon ach is searbh é a íoch. 14. Is fearr éan amháin ar bhois ná dhá ceann ar thóir. 15. Is fearr biadh ná ciall. 16. Tús maith leath na h-oibre. 17. Is maith an t-annlann an t-ocras. 18. Is crom cearc i bhféad. 19. Cur smacht ar do leanbh in a óige. 20. Is binn beal in a thost. 21. Ní h-ionnan dul go baile mór agus a theacht as. 22. Ní thagann an óige fá dhó choidhche. 23. Mol an óige agus tuichfaidh sí. 24. Is fearr cara sa gcuairt ná puint sa sparáin.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »