(continued from previous page)
Ó leathanach 6
suas i dtobán ins an seomra. Bhí fhios ag an bhfear go maith annsin go raibh an bullán aca agus bhí fearg air. Chuaidh sé amach ar an mbóthar agus chuaidh sé síos ar a ghlunaibh ag mallacht na daoine a bhí ins an dteach sin agus thainigh sé suas an chaoi sin ar a ghlúnaibh go Beal-átha-Glunín. Sin é an fáth ar tugadh an t-ainm sin ar an áit sin ó shoin.
Fuair mé an scéal seo ó m-athair Seán a' Búrca, Breaclún, Beal-átha-Glunin, Condae na Gaillimhe.