School: Corra Finne (roll number 12877)

Location:
Corrofin, Co. Galway
Teacher:
Cáit Ní Lochlainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0159

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0159

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corra Finne
  2. XML Page 0159
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus do bhíodh sé amuigh an-deireannach ag imirt cártaí. Oidhche amháin bhí sé ag teacht abhaile agus chonnaic sé triúr fear. Bhí conra aca. Dubhradar leis aire a thabhairt don conra go dtiocfaidís ar ais. Thug sé aire dó agus tar éis tamaill d'fhosgail sé é. Nuair d'osgail sé é chonnaic sé cailín óg istigh ann agus ní raibh sí marbh cor ar bith. Tháinig sí amach as an gconra agus chuaidh sí leis na fearaibh. Ní raibh sí i n ann focal a rádh. Maidin áirithe bhí an fear ag dul ar an aonach.
    Dubhairt sé le na mháthair gan a dhul a chodladh cor ar bith, ach dubhairt an cailín óg go bhainfeadh sí in a dúiseacht. Bhí áthas ar an bhfear nuair a chuala sé an cailín óg ag cainnt. Chuaidh an bheirt aca go dtí an t-aonach ar maidin. Nuair do shroicheadar an baile mór do chuir an fear an capall agus an cart isteach i gclós. Dubhairt an cailín óg gan iad a chur ann. Tháinigeadar go dtí clós eile agus do chuireadar an cart agus an capall isteach ann. Chuaidh an cailín isteach i dteach, agus tháinig bean a tighe amach. Nuair chonnaic sí an cailín thuit sí i laige. A h-inghean féin a bhí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mairghéadh Ní hUrnai
    Gender
    Female
    Informant
    Tomás Ó hUrnai
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway