School: Corra Finne (roll number 12877)
- Location:
- Corrofin, Co. Galway
- Teacher: Cáit Ní Lochlainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corra Finne
- XML Page 0145
- XML “Béaloideas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá ceardcha ag m'athair agus bíonn sé ag obair gach lá ann. Is iomdha sórt oibre déantar ins an gceardchain, geataí, céachtaí agus crúidhte. Tá an-chontabhairt i gabhnacht. Contabhairt go nóighfeadh é, agus an capaill drochúinte. Tá a lán oirnúis ag teastáil leis an ngabhainn, builg, inneóin agus teannachar.
Tá builg aige chun an teineadh do shéideadh. Tá teannachar aige chun breith ar an t-iarran te. Tá órd agus casúir aige freisin. Tá teaghlach ceardcha crochta ard. Tá na builg taobh thiar de'n teineadh a séideadh aniar trí píopaí miotail. Tá umar uisge ann freisin chun an iarann d'fhuaradh. Deirtear go bhfuil leigheas ina an uisge sin le h-aghaidh gáiribí. Ní ceardcha an-mhór atá ag m'athair. Ceann iarainn atá air, fuinneóg amháin agus doras dúbalta. Ins an sean aimsear ní raibh cóir oibre ag na daoinibh mar atá aca anois. Ní raibh gual aca ach móin. Bhí ortha táirghní, láidheanna agus a lán ruda eile a dhéanamh. Tá na ruda sin le fagháil ins na siopaibh anois. Deirtear go bhfuil an gabha beannuighthe. D'iarr na daoine ar ghabha na táirghní a céasadh ár Slánuightheoir a dhéanamh ach ní dhearna sé iad. Rinne an tinncéir iad, agus sin é d'fhág(continues on next page)- Collector
- Mairghéad Ní hUrnai
- Gender
- Female
- Address
- Corrofin, Co. Galway
- Informant
- Tomás Ó hUrnai
- Gender
- Male
- Address
- Corrofin, Co. Galway