School: Corra Finne (roll number 12877)

Location:
Corrofin, Co. Galway
Teacher:
Cáit Ní Lochlainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0142

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0142

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corra Finne
  2. XML Page 0142
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí áit ann fadó, agus is é an t-ainm a bhí air, Eiscear Stiopháin. Dá dtagfá thart ar a dó dhéag a chlog san oidhche do thiocfadh lámh fhada dubh amach as an gcoill. Do bhéarfadh sé ort agus do mharbhócadh thú. Oidhche amháin bhí daoine uaisle ag féasta i gcaisleán, agus dubhairt fear aca, ní maith liom anois dul thar Eiscear Stiopháin. Tá buachaill agam adeir fear an tighe a rachadh ann.
    Do glaodh sé air, agus d'iarr sé air a theacht go dtí an ait sin ar a dó dhéag a chlog. Dubhairt sé go rachadh sé ann dá dtabhairfadh sé an capall agus a chlaidheamh do. Chuaidh sé ag marcuigheacht ar an gcapall, agus d'imthigh leis go dtí an áit. Tháinig an lámh fada dubh amach aige, agus rug sé air. Bhuail an buachaill buille de'n claidheamh, agus do ghearr sé an lámh fada dubh amach uaidh. D'ionntuigh sé abhaile annsin agus an lámh crochta ar an srian. Bhí an capall marbh ar maidin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Ó hUrnai
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway