School: Corra Finne (roll number 12877)
- Location:
- Corrofin, Co. Galway
- Teacher: Cáit Ní Lochlainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corra Finne
- XML Page 0141
- XML “Béaloideas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní mar a chéile na cuinneóga atá ann anois agus na cuinneoga a bhí ann fadó. Bhí an sean chuinneóg fairsing i n-iachtar cumhang i n a lár agus fairsing i n a bhéal.
Bhí clabín cláir air agus poll in a lár. Bhí lluithne ann agus cois mhór fhada air. Bíodh siad ag bualadh an luithne síos aníos go tóin na cuinneóige nó go mbeadh an maistreadh déanta. Chuireadh siad splannc faoi'n chuinneóg, agus trí braon uisge fuar síos ann. Dá dtagfá isteach nuair a bhíodh siad ag déanamh maistreadh mara mbéarfá ar an luithne agus trí bhuile a bhualadh air bheadh fearg ortha.- Collector
- Mairghéad Ní hUrnai
- Gender
- Female
- Address
- Corrofin, Co. Galway
- Informant
- Tomás Ó hUrnai
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Corrofin, Co. Galway