School: Corra Finne (roll number 12877)
- Location:
- Corrofin, Co. Galway
- Teacher: Cáit Ní Lochlainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corra Finne
- XML Page 0130
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí beirt fhear ann fadó. Dubhairt fear aca leis an bhfear eile gur fuide a théigheann an fhírinne bhréag ná an fhírinne. Dubhairt an fear eile nach fuide. Chuir siad geall le chéile, agus is é an geall a chuireadar ná a dhá shúil.
An chéad fhear a casadh leo, d'iarradar air, "Cé is fuide a théigheann an bhréag ná an fhírinne." Dubhairt an fear sin gur fuide a théigheann an bhréag. "Iompuigh anall annsin adeir fear na bréige go mbainfaidh mé an dá shúil as do cheann". Caith isteach san reilig mé adeir sé nuair a bhí an dá shúil as a cheann. I lár na h-oidhche do chruinnigh na cait agus thosuigheadar ag cainnt. Dubhairt ceann aca go raibh inghean an duine uasail tinn le fada ach ní raibh dochtúir ann chun í leigheas. Dá fuigheadh sé braon de'n uisge sin thall bheadh sí leigheasta ar an bpoinnte. Nuair d'imthigh na cait, thosuigh an fear ag cartúghadh nó go bhfuair sé an tobar. Nigh sé a shúile ann agus fuair sé leigheas arís. Thug sé buidéal uisge leis agus chuaidh sé leis go dtí inghean an duine uasail. Dubhairt sé go leigheasfidh sé í. "Má leigheasann adeir an duine uasal, gheobhfaidh(continues on next page)- Collector
- Mairghéad Ní hUrnai
- Gender
- Female
- Address
- Corrofin, Co. Galway
- Informant
- Tomás Ó hUrnai
- Gender
- Male
- Address
- Corrofin, Co. Galway