School: Corra Finne (roll number 12877)
- Location:
- Corrofin, Co. Galway
- Teacher: Cáit Ní Lochlainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corra Finne
- XML Page 0128
- XML “Béaloideas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhíonn an mada ag ithe féir, deirtear go mbíonn báisteach ag teacht. Deirtear nuair a bhíonn lasaire gorm ins an teine, go mbeidh droch-aimsear againn. Nuair a thagann an spideog go dtí an doras bíonn sioc ag teacht. Deirtear nuair a bhíonn na faoileáin ag eiteall go h-íseal agus ag sgréachaíl go mbeidh báisteach againn. Nuair a shuidheann an cat agus a dhruim leis an teineadh bíonn droch-aimsear ag teacht. Nuair a théigheann an deatach suas an simléar go díreach bíonn aimsear bhreábh ag teacht. Nuair a bhíonn na préacháin ag sgréachaíl beidh aimsear fhuar againn. Nuair a bhíonn na fáinleóga ag eiteall go h-íseal, beidh báisteach againn. Nuair a bhíonn an mada ag ól uisge. Nuair a bhíonn dath dearg ins an spéar ar maidin, beidh báisteach againn. Nuair atá an ceo ag eirghe ar an mbóthar beidh storm againn.
- Collector
- Tomás Ó hUrnai
- Gender
- Male
- Informant
- Tomás Ó hUrnai
- Gender
- Male
- Address
- Corrofin, Co. Galway