School: Currach

Location:
Currylaur, Co. Galway
Teacher:
An Bráthair Joachim

Filter stories

Back
/ 0105 Forward
Resolution: Low | High
Currach | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0102

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Sgéal Grinn

Bhí triúr fear Seán, agus Séamus agus Pádraig ag dul treasna na páirce lá. Chonnaiceadar buachall agus bhí caoire aige. Mharbhuigheadar an buacall agus mharbhuigheadar an caoire. Bhruitheadar an caoire, agus d'itheadar é. Fuair na gardaí amach gur mharbhuigh siad an buachall. Cuireadh an dlighe ortha, agus daoradh iad chun crochta. Sul ar crochadh iad dubhradh leo go gcrochfar iad ó aon chrann a maith leo. Dubhairt Seán mb'fearr leis bheith crochta ar an crann do b'áirde sa tír. Dubhairt Séamús go mb'fearr leis bheith crochta ar crann íseal. Dubhairt Pádraig go mb'fearr leis bheith crochta ar crann spíonáin. Ní féidir leo é do crochadh ar crann spíonáin. Dubhradhar go bhfanfadh siad go bhfásfadh an crann spíonáin. Níor fhás an crann spíonáin, agus níor crochadh Pádraig chor an bhith.

Collector
Seán de Búrca
Gender
male
Address
Curry Eighter, Co. Galway
Informant
Pádraig de Búrca
Relation
parent
Gender
male
Address
Curry Eighter, Co. Galway
Language
Irish

Bhí fear ann uair amháin agus ní rai[bh] bróga aige. Casadh fear cliste air, agus dubhairt sé leis a dhul isteach i siopa agus péire bróg a chuir air. Chuaidh sé isteach agus cuir sé na bróga air. D'iarr sé ar an siopadóir cé mhéid a bhí ortha. "Púnt" ars an siopadóir. Ní raibh piginn ar bith ag an bhfear. Tháinic an fear cliste isteach, agus thug sé buille do'n fear eile fá'n gcluais. Rith an fear eile amach in a dhiaidh ag leigint air go raibh sé feargach, agus ní dheachaid sé isteach sa siopa arís, agus bhí péire bróg deas aige.
Bhí ocras ar an bhfear seo, agus chuaidh sé isteach i siopa. Ní raibh aon duine sa siopa roimhe. Rug sé ar dhá

(continues on next page)