School: Currach

Location:
Currylaur, Co. Galway
Teacher:
An Bráthair Joachim
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0100

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0100

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Currach
  2. XML Page 0100
  3. XML “Páirceanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Páirceanna
    1. Páirc na Sgeiche :-
    Tá Páirc na Sgeiche i mBaile na Doire. Tá crann mór i lár na páirce, agus uair amháin thosuigh na géaga ag lasadh suas. Deirtear go mbíonn na sidheóga ag súghradh thart timcheall uirrí.
    2. Páirc Bheití :-
    Fuair bean darbh ainm Bheití bás, agus do chíodh na daoine í gach oidhche i lár na páirce sin go ceann bliana. Do bhíodh sí ag nigheadh a éadan, agus tiormú é le na h-aprún.
    3. Páirc Gárman :-
    Bhí Gárman agus a mhac in a chomhnuidhe i bpáirc uair amháin. Ní raibh ach aon pháirc amháin acha. Ní raibh siad indon an chíos a íoch, agus cuireadh amach as a dteach iadh. Annsin cheannuigh m'áthair an pháirc.
    4. Páirc na gCapall :-
    Bhí fear ann uair amháin agus bhí a lán capaill aige. Ní raibh mórán le n-ithe acha. Bhí páirc coirce in aice leis an teach. Lá amháin bhí ocras ar na chapaill, agus léimeadar thar an gclaidhe, agud bhíodar ag itheadh an choirce go bhfuaireadar go léir bás.
    5. An Sruithín :-
    Glaodhtar an t-ainm sin uirrí mar bhí sruth ag rith tríd uair amháin. Níl sé ann anois, acht tá iarsmaí de ann; grinneal, clocha, cruinne.
    6. Páirc an Bhóthair :-
    Tugtar Páirc an Bhothair air ma bhí bóthar ag dul tríd uair amháin.
    7. An Creigín :-
    Tugtar an t-ainm sin uirrí mar tá a lán cloch agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Collector
    Proinsias Ó Cearbhaill
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Cearbhaill
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway