School: Currach

Location:
Currylaur, Co. Galway
Teacher:
An Bráthair Joachim
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0097

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0097

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Currach
  2. XML Page 0097
  3. XML “Scéal Grinn”
  4. XML “Tobar Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    chaith sé amach biotáile in umar a bhí ar thaobh an tighe. Tháinic na gardaí isteach agus cuairtigh siad an teach, agus ní fhuair siad aon phoitín sa teach. D'imthigh siad arís. Bhí an capall amuigh sa páirc agus bhí tart air. Tháinic sé suas go dtí an umar agus d'ól sé an poitín agus bhí sé ar meisge. Thuit codladh air. Tháinic an fear amach agus chonnaic sé an capall síonta ar an talamh, agus cheap sé go raibh sé marbh. Bhain sé an croiceann de'n chapall agus dhíol sé an chroiceann. Thug sé leabaidh air go moch ach ní raibh sé i bhfad in a codladh nuair a cuala sé fúm uathbhásach taobh amuigh. D'eirigh sé de phreab agus d'fhéach sé amach agus is beag nár thuit sé i laige. Nuair a chonnaic sé a chapall amuigh beo. Chuir sé cúpla croiceann de caoirigh le céile, agus chuir sé thart ar an gcapall é. Tar éis bliadhna chuaidh sé amach chun na gcroiceann caorach a bhaint de'n chapall ach bhí sé greamuighthe do'n chapall. Tháinic a lán daoine go dtí é le féachaint ar an olainn ag fás ar a chapall.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tobar Beannuighthe
    Tá tobar beannuighthe i mBaile an Tobair. Téigheann daoine ann an trí deire Domhnaigh de Mhí na Íul. Téigheann siad thart timcheall an tobair cúig uaire, agus deireann siad deich bpaidireacha gach uair. Cúig "Ár nAthair", agus cúig "Sé do bheatha." Tugann na daoine buidéal de'n uisge abhaile. Dá mbeadh pian in do cheann tá sé indon é a leigheasú dá n'ólfadh tú é. Tá sean-crann in aice leis an tobair. Bhí Naomh Pádraig ag dul go dtí Tuaim uair amháin. Cheap sé nach raibh sé ag dul an chaoi cheart. Tháinic sé go dtí an crann seo, agus chuaidh sé suas air. Sheas é [!] ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Proinsias Ó Cearbhaill
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Cearbhaill
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway