School: Currach

Location:
Currylaur, Co. Galway
Teacher:
An Bráthair Joachim
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0090

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0090

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Currach
  2. XML Page 0090
  3. XML “Scéalta i dtaobh Sióg”
  4. XML “Scéalta i dtaobh Sióg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an cruit de. D'innis Seán an sgéal dó. An oidhche in a dhiaidh sin chuaidh Liam go dtí an lios agus cualaidh sé na sidheóga ag gabháil. "Dia Luain, Dia Máirt, Dia Céadaoin. Thosuigh Liam ag gabháil "Dia Luain, Dia Máirt, Dia Cédaoin Diardaoin." Cualaidh na sidheóga é agus níor thaithnigh Diardaoin leo. Thugadar isteach é go dtí an lios. Chuireadar an cruit eile air, mar rinne sé scrios ar a gcuid amhráin, agus chuaidh Liam abhaile agus a shrón beagnach ar an talamh le méadhcaint an dá cruit a bhí ar a dhruim.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear ag teacht abhaile ó Tuaim oidhche amháin. Chonnaic sé sidheóg. D'iarr an sidheóg ar an bhfear rása a rith, agus má gheobhfadh an fear an bhuaidh bheith ar an sidheóg teacht leis an bhfear, agus má gheobhfadh an sidheóg an bhuaidh, bheith ar an bhfear dul leis. Ritheadar, agus fuair an fear an bhuaidh. Thug sé an sidheóg leis agus chuaidh sé abhaile. An lá ar na bharach nuair d'eirigh an fear ní fhacha sé sidheóg acht bhí cat mór faoi'n mbord. Dubhairt an fear leis a bhean "caithfidh mé dul go dtí an mBaile Mór chun péire bróg a cheannacht dom féin." Bhí an cat ag éisteacht agus dubhairt sé "agus péire dom-sa freisin muna cheannóchaidh tú péire dhom ní fhágfaidh mé shúl in do cheann." Tháinic faitchíos ar an bhfear. Chuaidh sé go dtí an Baile Mór. Nuair a tháinic sé abhaile d'iarr an chat air cá raibh a péirín. "Dfhag mé an leathar ag an ngéasaidhe [!] chun iad a dhéanamh" acht caithfidh tú féin teacht chuige amáireach chun do mhiosúr a fhághail." Annsin chuaidh an fear go dtí fear a raibh a lán con crosta aige, agus d'innis sé a sgéal dó. "Diarr sé air, na cuin a leigeadh amach indhiaidh an chait. Dubhairt seisean "Leigfidh mé agus fáilte." Thug an fear an cat go dtí an teach. Cheap an chat go raibh sé ag dul go dtí an ngréasaidhe. Leig an fear eile na cuin amach. Ritheadar indiaidh an chait. Tar éis tamaill tháiniceadar go dtí stábla beag chuaidh an chat isteach ann. Leig fear na gcon na cuin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Folktales index
    AT2412C: (The Cat Asks for Boots)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Dálaigh
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway
    Informant
    Donnachadha Ó Dálaigh
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway