School: Currach

Location:
Currylaur, Co. Galway
Teacher:
An Bráthair Joachim
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0089

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0089

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Currach
  2. XML Page 0089
  3. XML “Scéalta i dtaobh Sióg”
  4. XML “Scéalta i dtaobh Sióg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéalta i dtaobh Sidheog.
    Bhí fear agus a mháthair in a gcomhnuidhe i dteach beag uair amháin. Gach oidhche théigheadh an fear treasna portach go dtí teach eile ag imirt cartaí. Oidhche amháin nuair bhí sé ag teacht abhaile casadh sidheóg air. D'iarr an sidheóg ar an bhfear, cluithche cártaí a imirt, agus má gheobhfadh sé an bhuaidh ar trí cluithche, bheadh ar an bhfear teacht leis, agus má gheobhfadh an fear an bhuaidh ar trí chluithche thugfadh an sidheóg céad púnt dó. "Tá go maith" ars an bhfear. Lasadar coinneal agus thosuigheadar ag imirt. Ní fhuair aoine aca an bhuaidh an oidhche sin. An oidhche in a dhiaidh sin thosuigheadar ag imirt arís. Fuair an sidheóg an bhuaidh. Thug sé an fear leis ins na sidheóga. Níor mhaith leis na sidheóga eile an fear, agus rinneadar teine mhór agus chaitheadar iarann isteach ann. D'fhágadar annsin é go raibh sé leath leághta. Annsin thógadar amach é agus rinneadar trí fáinne iarrainn. Chuireadar ceann ar gach cluais an fhir agus ceann eile ar a shróin. Ruaigeadar abhaile é annsin. Nuair chonnaic an mháthair é thosuigh sí ag gol. Annsin d'innis sé a sgéal di. "Múnfaidh sin duit gan dul ag imirt cartaí arís" ars an máthair.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear darbh ainm Liam Ó Meacháin in a chomhnuidhe i mbaile beag. Bhí fear eile darbh ainm Seán Ó Cheallaigh in aice leis. Bhí cruit ag an mbeirt aca. Tráthnóna amháin bhí Seán Ó Ceallaigh ag siubhal ar an mbóthar agus cualaidh sé na sidheóga ag gabháil amhráin "Dia Luain, Dia Máirt" Thosuigh Seán ag gabháil "Dia Luain, Dia Máirt, Dia Cédaoin." Thaithnigh an amhrán nua le na sidheóga. Thógadar isteach go dtí an lios é. Bhaineadar an chruit de. Chuaidh Seán abhaile agus é chomh díreach le slait-iascaigh. Chualaidh Liam Ó Meácháin é agus chuaidh sé go dtí é. D'iarr sé ar Seán cé'n chaoi a bhaineadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán de Búrca
    Gender
    Male
    Address
    Curry Eighter, Co. Galway
    Informant
    Pádraig de Búrca
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Curry Eighter, Co. Galway