Scoil: Currach

Suíomh:
Currylaur, Co. Galway
Múinteoir:
An Bráthair Joachim
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0086

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0021, Leathanach 0086

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Currach
  2. XML Leathanach 0086
  3. XML “Lá Fhéile Bríde”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ag damhsa agus bíonn duine aca ag seinm ar an béalorgán. Gheibheann siad cúpla pighinn ins gach teach. Annsin roinneann siad an t-airgead go cothrom eatorra.
    Déanann na daoine crose de tuighe agus crochann siad suas ar na ballaí iad in anóir na féile.

    Proinsias Ó Cearbhaill
    Coradh Finne,
    Comar,
    Béal Átha Gúinín

    Seán Ó Cearbhaill
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sgéal
    Bhí beirt ghasúr Seán agus Séamús ag dul ar scoil lá amháin. Fuaireadar cnó ar an mbothar. "Ó, féach ar an cnó" arsa Seán. Chrom Séamus síos agus thóg sé suas é. "Is liom-sa é arsa Séan mar is mé a chonnaic ar dtús é. "Ní h-eadh ach liomsa" arsa Séamas "mar is mé a thóg é.
    Bhíodar ag argóint, gach duine aca ag rádh go mba leis féin an cnó. Chonnaicheadar fear ag teacht chucha agus dubhairt siad go bhfágfadh siad an sgéal le ráidhte an fhir a bhí ag teacht.
    Tháinic an fear go dtí iad agus d'inniseadar an sgéal dó. Annsin rug an fear ar an cnó agus bhris sé é. Thóg sé amach an eithne agus chuir sé in a bhéal é agus d'ith sé é. Thug sé leath de'n blaoisge do gach duine de na gasúr. [!] "Seo" arsa an fear "tá mé ag tabhairt leath an blaoisge duit-se a Sheáin mar gur tú a chonnaic ar dtús é, "agus táim ag tabhairt an leithe eile duit-se a Shéamuis mar gur tú do thóg suas é." "Táim féin ag coinneál na h-eithne ar son mo thrioblóide.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.