School: Currach

Location:
Currylaur, Co. Galway
Teacher:
An Bráthair Joachim

Filter stories

Back
/ 0105 Forward
Resolution: Low | High
Currach | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0084

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí argóint idir Ó'Ceallaigh taoiseach as oirthear na Gaillime, agus De Búrca Íarla Clann Richard. D'iarr Ó Ceallaigh cabhair ar Íarla Cille Dara. Bhí áthas ar Íarla Chille Dara cabair a thabhairt dó, mar níor thaithnigh De Búrca leis. Bhí inghean an Íarla pósta le De Burca agus ní raibh sé go lághach léití.
Tháiniceadar le chéile ag Cnoc Tuath agus tugadh cath annsin eatorra san mbliain 1504 A.D. Bhí cuid de na taoisigh Gaedhealacha as an taobh thuaidh ag cabhrú le Ó'Ceallaigh agus an Íarla agus bhí cuid de na taoisigh Gaedhealacha as an taobh teas ag chabrú le De Búrca. Bhí an bhuaidh ag Ó'Ceallaigh agus an Íarla agus bhí áthas orra. Thug Íarla Cille Dara tríocha tonna fíon dá chuid fear mar gheall ar an gníomh a rinne siad.

Sgéal

Chuaidh fear bocht go Sasana uair amháin. Casadh fear bocht eile leis. Chuaidh an bheirt aca isteach i dteach-ósta. D'iarradar béile ar bhean an tighe. Thug sí béile breágh dóibh. D'itheadar agus óladar a sáith. Annsin dubhairt an t-Éireannach leis an Sasanach. "Íocfaidh mise as", "Íocfaidh mise as" ars an Sasanach. Bhíodar ag argóint mar sin agus ní raibh pighinn ag aoine aca. Sa deireadh dubhradar le bean an tighe "Cuir púicín ort agus an chéad duine a bhéarfaidh tú greim air chaithfidh sé a íoch." Chuireadar an

(continues on next page)
Collector
Proisias Ó Cearbhaill
Gender
male
Address
Corrofin, Co. Galway
Informant
Seán Ó Cearbhaill
Relation
parent
Gender
male
Address
Corrofin, Co. Galway
Language
Irish