School: Currach

Location:
Currylaur, Co. Galway
Teacher:
An Bráthair Joachim
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0082

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0082

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Currach
  2. XML Page 0082
  3. XML “Oíche Shamhna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bíonn Oíche Shamhna an ar an aonad lá tríocha deireadh fómhar. Imrítear a lán cleasanna an oíche sin. Déanann bean an tighe caca, agus cuireann sí fainne, píosa éadaigh, slat beag réal, agus cnapán isteach ann. Gearrann sí suas é agus tugann sí píosa do gach duine sa teach. An duine a fhaigheann an fáinne, beidh sé pósta sul mbeadh an bliain caite, an duine a faigheann an píosa éadaigh beidh sé in a fear bocht. An duine a faigheann an slat beag beidh sé ag troid le mhná nuair a pósadh é, nó más bean a fhaigheann é beidh sí ag troid le na fear. An duine a fhaigheann an real beidh sé ina fear saibhir, nó ina bean saibhir. An duine a faigheann an cnapán beidh sé in a táilliúr.
    Faightear tobán agus leagtar I lár an urláir é. Líontar é le h-uisce. Cuirtear úll isteach ann. Bíonn gach duine ag iarraidh an úll a thogáil suas lena bhéal. An duine a thógann suas é is leis é. Caitear real isteach an agus an duine a thógann suas é is leis é.
    Crochtar úll ón siléar agus cuireann duine a dhá lámh in a chúl, agus bíonn sé ag iarraidh breith air lena bhéal. An duine a bheireann air is leis é
    Leagtar fochupáin ar an mbord. Cuirtear cré I gceann acu, uisce I gceann eile, fáinne I gceann eile, siosúr i gceann eile, agus píosa éadaigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Halloween (~934)
    Language
    Irish
    Collector
    Proisias Ó Cearbhaill
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Cearbhaill
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway