School: Currach

Location:
Currylaur, Co. Galway
Teacher:
An Bráthair Joachim
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0081

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0081

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Currach
  2. XML Page 0081
  3. XML “Comharthaí Aimsire Maithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1 Nuair a eitileann na géana fiadháíne ó dheas.
    2 Nuair a bhíos na fáinleóga go h-árd sa spéir.
    3 Nuair a bhíos na cuileóga go h-árd sa spéir.
    4 Nuair a théigheann an deatach go díreach suas sa spéir o'n simléar.
    5 Má bhíonn fáinne i bhfad o'n ngealach.
    6 Nuair a bhíos na préacháin ag eitilt go h-árd.
    7 Má théigheann an ghrian faoí go dearg.
    8 Má bhíonn an spideóg ag seinm ceóil ar bharr an chrainn.
    9 Nuair a bhíos ceo ar an loch.
    10 Nuair a bhios an ghaoth ag séideadh ó'n taobh thoir.
    11 Nuair a cloistear an abha ag rith i bhfad uaithe.
    12 Nuair a bhíonn an leipreachán lathaighe buidhe.
    13 Nuair a théigheann na faoiléain istigh sa bhfairrge.
    14 Nuair a thuiteann an ceathramhadh deireadh de'n ghealach ar Domhnach.
    15 Nuair a bhíos na géana go ciúin.
    16 Nuair a bhíos an t-urlár tirm.
    17 Nuair a bhíos na h-ealaí ag eitilt go h-árd sa spéir
    18 Nuair a bhíos na croicain cúin ar an teinteán san oidhche .
    19 Nuair a cloistear an fead ó'n traen .
    20 Nuair a bhíos drucht mhór ann air maidin.
    21Nuair a bhíos na scoillteacha nimhe ag gabháíl tré daoine.
    22 Nuair a bhíos an spéir thiar dearg ins an tráthnóna.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Collector
    Proinsias Ó Cearbhaill
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Cearbhaill
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway