School: Currach
- Location:
- Currylaur, Co. Galway
- Teacher: An Bráthair Joachim
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Currach
- XML Page 0075
- XML “Lá Fhéile Stiofáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bíonn Lá Fhéile Stiophán ann ar an séadh lá fichead de Mhí na Nodlag, an lá tar éis Lá Nodlag. Bíonn an-spóirt ag na buachaillí an lá sin. Téigheann siad amach sa gcoill agus marbhuigheann siad dreóilín. Gheibheann siad bosca beag agus cuireann siad an dreóilín isteach ann Téigheann siad ó theach go teach, agus stadann siad ag an doras agus thógann duine aca an bosca suas in a láimh. Bíonn beirt aca le céile i gcomhnuidhe, agus seo é an amhrán a bhíos aca "dreóilín dreóilín riogh na n-éan is mór é a mhuirighean is beag é féin. Eirigh suas a bhean an tighe beir ar sgian na coise buidhe, agus gearr píosa de'n dreóilín." Gheibheann siad cúpla pighinn ins gach teach. Sa tráthnóna roinneann siad an t-airgead idir an bheirt aca.
Chuireann buachallaí eile féasóga ortha féin agus téigheann siad isteach ins na tighthe ag seinm ceoil. An oidhche sin cuireann na fir óga sean-éaduigh ortha agus téigheann siad ó theach go teach ag damhsa. Gheibheann siad cúpla pighinn ins gach teach.
Fadó do théigheadh fir thart leis an dreóilín agus nuair bheadh a lán airgead aca racadh siad isteach sa dteach ósta agus óladh siad luach an airgid de uisge beatha. Annsin théigheadh siad amach agus cuireadh siad an dreóilín. Sé an fáth a marbhuightear é ná, d'innis sé do na Íudaigh go bhfaca sé Íosa. D'iarradar ar an spideog annsin an bhfaca sé Íosa. Dubhairt sise "ní fhaca mé é ó cuireadh an cruithneacht sin." Dubhairt an dréoilín(continues on next page)- Collector
- Proinsias Ó Cearbhaill
- Gender
- Male
- Address
- Corrofin, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Cearbhaill
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Corrofin, Co. Galway