School: Currach

Location:
Currylaur, Co. Galway
Teacher:
An Bráthair Joachim
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0075

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0075

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Currach
  2. XML Page 0075
  3. XML “Lá Fhéile Stiofáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bíonn Lá Fhéile Stiophán ann ar an séadh lá fichead de Mhí na Nodlag, an lá tar éis Lá Nodlag. Bíonn an-spóirt ag na buachaillí an lá sin. Téigheann siad amach sa gcoill agus marbhuigheann siad dreóilín. Gheibheann siad bosca beag agus cuireann siad an dreóilín isteach ann Téigheann siad ó theach go teach, agus stadann siad ag an doras agus thógann duine aca an bosca suas in a láimh. Bíonn beirt aca le céile i gcomhnuidhe, agus seo é an amhrán a bhíos aca "dreóilín dreóilín riogh na n-éan is mór é a mhuirighean is beag é féin. Eirigh suas a bhean an tighe beir ar sgian na coise buidhe, agus gearr píosa de'n dreóilín." Gheibheann siad cúpla pighinn ins gach teach. Sa tráthnóna roinneann siad an t-airgead idir an bheirt aca.
    Chuireann buachallaí eile féasóga ortha féin agus téigheann siad isteach ins na tighthe ag seinm ceoil. An oidhche sin cuireann na fir óga sean-éaduigh ortha agus téigheann siad ó theach go teach ag damhsa. Gheibheann siad cúpla pighinn ins gach teach.
    Fadó do théigheadh fir thart leis an dreóilín agus nuair bheadh a lán airgead aca racadh siad isteach sa dteach ósta agus óladh siad luach an airgid de uisge beatha. Annsin théigheadh siad amach agus cuireadh siad an dreóilín. Sé an fáth a marbhuightear é ná, d'innis sé do na Íudaigh go bhfaca sé Íosa. D'iarradar ar an spideog annsin an bhfaca sé Íosa. Dubhairt sise "ní fhaca mé é ó cuireadh an cruithneacht sin." Dubhairt an dréoilín
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Feast of St Stephen (~402)
    Language
    Irish
    Collector
    Proinsias Ó Cearbhaill
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Cearbhaill
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Corrofin, Co. Galway