School: Currach

Location:
Currylaur, Co. Galway
Teacher:
An Bráthair Joachim

Filter stories

Back
/ 0105 Forward
Resolution: Low | High
Currach | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0072

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

chomh áluinn is bhí sí. Chaith sé trí céad bliain ann. Annsin dubhairt sé leis an gcailín gur mhaith leis a athair agus na Fianna a fheicéal, ach dubhairt an cailín go raibh siad go léir marbh, ach ní chreidfeadh Oisín í. Thug an chailín a chapall bhán dó, agus dubhairt sí leis gan a chos a leagadh ar thalamh Éireann. Nuair shroic sé Éireann bhí brón an domhain air mar níor aithne sé aoine ann. Chonnaic sé sgata fear ag iarraidh cloch mór a árdú. Dubhairt Oisín go raibh sé indon é a árdú. Chrom sé síos agus thuit sé de'n chapall, agus tháinic sé in a shean-fhear. Fuair sé bás tamall in a dhiaidh sin.

Tugtar Oidhche Nodlag ar an oidhche roimh Lá Nodlag, agus tá Oidhche Nodlag ar an ceathradh lá fichead de Mhí na Nodlag. Bíonn a lán oibre le déanamh ag bean an tighe ag an am sin. Bíonn sí ag glanadh an tighe, agus ag dathú na ballaí le aoil. Téigheann na buachallaí amach sa gcoill agus tugann siad eidhneán agus cuilleann agus labhrás isteach, agus cuireann siad suas ar na ballaí agus ar na fuinneóghaibh iad. Tugtar géag de chrainn isteach, agus cuirtear síos i dtubán é, agus cuirtear cré isteach sa dtubán.
An oidhche sin crochtar a lán féiríní ar an ngéig agus scríobhtar ainm de gach duine sa teach ar féirín

(continues on next page)
Collector
Proinsias Ó Cearbhaill
Gender
male
Address
Corrofin, Co. Galway
Informant
Seán Ó Cearbhaill
Gender
male
Address
Corrofin, Co. Galway
Language
Irish