School: Currach

Location:
Currylaur, Co. Galway
Teacher:
An Bráthair Joachim

Filter stories

Back
/ 0105 Forward
Resolution: Low | High
Currach | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0066

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tá caisleán Coradh Finne suidhte in aice le abha an Chláir i sráid bhaile Coradh Finne. Risceárd de Búrca a thóg é sa mbliain 1451 A. D. Chomhnuidhe na Búrcaigh ann. Tá na ballaí cúig troigh ar leithead. Tá an doras seacht troigh ar aoirde. Tá staighre ag dul suas go dtí barr an chaisleáin. Tá an staighre ag dul go díreach cuid dá bhealach ach tá sé ag dul cam an cuid eile. Ós cionn an dorais tá poll ar a dtugtar poll na marbh. Nuair thagadh na náimhde go dtí an doras ag iarraidh é a chuir isteach chaitheadh na daoine a bhí istigh clocha móra, nó uisge beirbhthe, nó tara te anuas ortha. Tá polla annseo is annsúd ar fud an chaisleáin. Caitheadh siad clocha móra amach tré na pollaibh sin ar na náimhde. Tá an caisleán tríocha troighthe ar aoirde, ach féachann sé mar thuit cuid de.

Collector
Prionsias Ó Cearbhaill
Gender
male
Address
Corrofin, Co. Galway
Informant
Seán Ó Cearbhaill
Relation
parent
Gender
male
Address
Corrofin, Co. Galway
Language
Irish

Bhí fear ann fadó, agus bhí sé ag dul treasna na páirce gach maidin go dtí an áit a bhí sé ag obair. Maidin amháin chonnaic sé coinneal ag lasadh ar an talamh. Bhí an ghaoth ag séideadh, agus ní raibh sé ag múchadh an coinnil. D'fhág sé annsin é. An maidin in a dhiaidh sin bhí sé ann freisin. Thóg sé suas in a láimh é, agus

(continues on next page)